School: Eoghanacht (roll number 12342)

Location:
Eoghanacht, Co. Galway
Teacher:
Mícheál Ó Flannagáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Eoghanacht
  2. XML Page 013
  3. XML “Scoileanna a Bhí ann Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí mise ag dul seachtmhain eicint ag scoil is ceart dó bheith trí fichead bliadhain ó shoin. I dteach den bhaile sa Sruthán a bhí an scoil. Baintreabhach a bhí na comhnuidhe léí féin sa teach. Bhí cistineach agus seomra ann agus chuaidh sé féin don tseomra agus dfhág sí an chistineach ag an máighistir. Bhíodh sé ag fagháil cupla pininn eicint sa tseachtmhain mar chíos acht níl fhios agam áithrid cé mhéid. 'Seán a Chóta' an leas ainm a bhí ar an máighistir mar bhíodh cóta mór diabhalta air i gcomhnuidhe acht bhí dath glas air le aois. Sílim gur de mhuinntear Clann Dhonnchadha é. Bhí sé in aois go mór nuair chonnaic mise é. Ní bhíodh leabhar ar bith againn ná slinn ná tada acht bhíodh píosaí páipéar aige san agus bhíodh sé ag múineadh dúinn le bheith ag scríobhadh. Bhíodh leabhra ar deireadh ag cuid againn. Leabhra a thugadh an sagart parráiste uaidh. Scilling sa ráithe a bhiodh orainn íoc agus bhíodh an máighistir ag imtheacht ó theach go teach dá bheathú féin. Ní raibh cathaoir ná stól ná binnse sa teach acht muid na suidhe síos ar chúpla pleannc leagtha ar clochaibh chois an bhalla agus an máighistir i lár báire agus a dhruim leis an teinidh nuair bhíodh aon deine ann. Ní raibh ag dul ann acht timcheall chúig dhuine dhéag againn. Bhíodh sé ag léigheamh leabhar bheag agus chaitfeadh muide é rádh na dhiaidh agus Bíodh sé ag cur "Spellings" orainn fresin. Bhíodh "Sums" againn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Dhioráin
    Gender
    Female
    Age
    16
    Informant
    Seánín Taim Ó Direáin
    Gender
    Male
    Age
    66
    Occupations
    Feirmeoir
    Iascaire
    Address
    Sruthán, Co. Galway