Scoil: Clochar na Trócaire, An Clochán
- Suíomh:
- Clifden, Co. Galway
- Múinteoir: An tSr. M. Peadar
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal
Bhí cailín aon uair amháin ann agus bhí triúr buachaill ag ruirghe léithi, agus dubhairt sí an té b'fhearr aca a chumfadh ceol go bpósfadh sí é. Bhí saor agus gabha agus congbhálaidhe ann.
Is é a dubhairt an saor :-
'An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
Ná dhá shaor déag ag déanamh luinge;
A thuagh féin i láimh gach duine,
'Siad suas 's anuas buille ar bhuille?Labhar an gabha annsin agus dubhairt:-
'An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
Ná dhá ghabha déag ag déanamh grille
A lámh-ord féin i láimh gach duine
'S iad ag dul suas is anuas buille ar bhuille?
Labhair an congbhálaidhe annsin agus is é a dubhairt sé:-
'An gcuala tú ariamh ceol ba bhinne
Ná ceirseach mhall i ngleanntaibh coilleadh;
Dearadóis leobhtha agus é dá mbroiduighadh
'S é ag tionntadh an dún-fhóid aníos.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aodhnaith Ní Chiarmhaich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Clifden, Co. Galway