Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 368
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bruitheann na daoine an buile a í agus tá sé an fholláin le n-ithe. Bíonn sé an deas nuair a mheascann daoine é le bainne agus le h-iniún agus bíonn sé mar bhiadh ag a lán aca. Siad seo na luibheanna go gcuirtear .....leo :- na copoga, scrath cloch, méaracáin phúca, craicne onúin, seilistrín, agus a lán eile aca. Bruidhtear ar dtús na luibheanna agus annsin taréis tamaill fásgtar iad agus coinnightear an subh agus annsin cuirtear an t-éadach isteach ann agus tar éis tamaill bionn dath deas ar an éadach. Deirtear go bhfuil nimh i lasar léan, agus má itheann na beithdhigh é deirtear go mbeadh blas grándha ar an mbainne agus nach feidir é ól. Tá nimh i bhfeochadán freisin mar tá deilg an ghéar air, agus tá nimh freisin sa ghluanach dhearg. Ma chuireann tú in do bhéal an lasar léan nó an gluanach dhearg tá lasair uathbhásach ann agus dhódhghadh sé do bhéal agus do theanga. Sin an méad luibheanna a bhfuil nimh ionnta.
- Bailitheoir
- Nóra Nic an Iomaire
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Coillín, Co. na Gaillimhe