Scoil: Doire Mór Iata (uimhir rolla 16599)
- Suíomh:
- Doire Bhó Riada, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Hannraoi Ó Coinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ag líonadh an scailp lé clocha sa gcaoí go mbéadh
síad in dhan iad a marbú. Bhíodh cuid den daoine ag
tóruigheacht capall uisge agus cascon agus brich ins na h-aibneacha
agus ins na locanna.Troighthíní a chaithfhidhís in ionad brógaí
mar ní raibh brógaí le fághail. Na sean stocaí a bhíodh
acú ghearrfhidís na bárraí dóibh agus d’fágfhadh síad na bonnaibh
lé h-aghaidh troighthiní bhídís ag dul tart ó teach go teach ag
iarraidh bídh agus rud lé nithe. Tighthe fóid is mó a bíodh acú
agus rud ní raibh fuinneóg ar bith ortha acht b’feidir go
mbéadh sórt poll beag ins an mballa. Nuair a gheobhfadh síad
cuid maith lé nithe ní íosfadh síad uilig é acht bhíodh síad dá
gcur i dtaisge sa gcaoi go mbéadh sé acú aríst nuair béadh
ocras ortha aríst. Bhí sean fear as Fanisglen ag dul go
Leitir Fraca í gcomair canna mine buidhe a bhí dhá roinnt
amach ar na daoine. Chuaidh sé chómh fada lé Leitir Fraca agus
ar teacht abhaile dhó thit sé marbh ar an gcriathrach. Bhí sé
cupla uair caillte nó gur fríothadh é. Ní corraogheadh as an áith
sin é. Cuireadar díreach an é. Cuireadar cupla cloch os a cionn
sa gcaoi go mbéadh fhios ag na daoine gur duine a cuireadh
ann agus einne a bhí muinntreach aige caitheann síad cloch
ann nuair a teigeanns síad an bealach. San aith atá na
daoine curtha a fuair bás leis an ocras sin uair sin deirtear
go bhfuil sliabh gortach ann fós agus go bfhanfhaidh sé ann go bráth
Ní maith lé aon duine dul trídh an criathrach agus beagán
ocras ortha thuithfeadh síad leis an ocras comh maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Seoige Thomáis
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Uillinn Thiar, Co. na Gaillimhe