Scoil: Inis Niadh (uimhir rolla 11938)
- Suíomh:
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Caitlín Ní Thuathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Niadh
- XML Leathanach 250
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an lá agus dimthigh sé go dtí an Clochan annsin agus rinne sé a ghnóta ann. Is ar casadh abhaile trathnona do. Bhí sé tuithim na hoidhche nuair a bhí sé ag teach leath bealaig agus casadh an fear aris do san aith ceadhna. "Seadh adeir an fear" i ndearna tú mo comhairle ar maidin." Rinn adubhairt an fear a bhí sa gClochan. "Níor mhór duit gur fhag tú an bóthar" adubhairt an fear eile. "Sin é spioradh na maidhne bhí ag dul tart agus mara gur fhagh tú an bothar beidh sgéal agath air. "Fear mise a dfhag an saoghal adeir sé agus bhí mé ag cur comhairle do leasa ort." "O adeir an fear ag cur beich as agus seas an gruag suas ar mhullach a cinn agus bhí an tallus ag tuitim as. Níor stop sé ach ag rith no gur thainic sé abhaile. Is níor eirig sé go ceann trí mí in a diaidh sin leis an scannradh a baineadh as. Mar shíl sé gur fear beo a bhí ann go dtí sin.
- Bailitheoir
- Áine Nic an Ríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mac an Ríogh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe