Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)
- Suíomh:
- Cill Éinne, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr. P. Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Éinne
- XML Leathanach 017
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An té is lugha obhair sé is mó obhair.
An cogadh is mó ariamh tháinig duine slán as.
Ní h-í an bhean is áilne is truime ciall.
Moladh gach duine an t-áth mar fághann sé é.
An rud is sgríobann an púca léigheann sé féin é.
Is feárr lúbadh na briseadh.
Is feárr go deireannach ná go bráth.
Bíonn cloch reatha gan caonach
Is fearr rith maith ná dhroch-sheasamh.
Tig tú gan iarraidh mar an droch aimsear.
Is furusda fuineadh in-aice na mine.
Is feárr rith maith na droch sheasamh.
Is furusda fuil a bhaint as cúl caradh.
Níor dhubhairt luighe fada bréag.
Níor dhubhairt file fíor ariamh.
Is giora deoch na sgéal.
An uair is goirre an chnámh sé is milse an fóil.
An féar is goire do'n chloich sé is milse.
Is sleamhain an laogh nach ligheadh a mathair féin.
An té atá go dona do féin tá sé go maith do'n comhursan.
Dá goireacht duit do cóta is goire duith do léine.(leanann ar an chéad leathanach eile)