Scoil: Leacaigh (Leacach)
- Suíomh:
- Leacach Beag, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seosamh Ó hÁinlíghe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Congamhna. Bhí troid mór ann lá amháin eatortha agus bhí Seán Macgamhna lé daoine a cur amach an lá céadna. Nuair a racad sé abaile ac bhí an troid ró déan an an lá céadna is nach raibh am aige na daoine a cur amach an lá sin.
Treibh mór troid dob eah na Murcaidhe agus ceann acu dár bainm dlo Seanain Dubh agus deirtear gur fhás sgeach droigeana os cionn a uaighe nuair a fuair sé bás. Bíodh na daoine ag faire ar lá aonach an Turlaigh agus lé gach sort ceift a reidteach lé mhaide sa gcaoi is go mbeadh sé trom lé buille a tabhairt. Chuireadh síad seán ar na bataí freisin.
Theigeadh na fir ag díol beithidhigh agus cuile rud ar maidin go moch agus theigheadh a cuid ban ag an aonach ar a deich a clog nó mar sin chun na fir a coinneál socair agus íad a tabhairt abhaile go luath. Thagadh daoine móra na tíre ann lé na cuid beithidhig agus ba cuma leob díol nó gan díol.- Bailitheoir
- Eilís Ní Fhlionn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mártín Ó Dhugán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 48
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe