School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 03_031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 03_031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 03_031
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 19adh Meadhon Foghmhair 1938
    Bhí mo shean athair oidche bhealtaine fadó amuigh ins an mbuaile pharteach ar na craga go deireannach san oidche ag faire bó a bhí le laoigh a bhreith.
    Dfhan sé ann go deireannach an t-am seo. Acht ar deire nuair a bhí cosa an laoigh leis an mbó, do caitheadh síd na sidheogaí leis ach níor teangmhuigh sí leis. Rug sé orra agus rith sé isteach an róidín léi agus shroich sé an teach sa deire agus chuir sé an sid ins an ngarraide agus nuair a deirigh sé ar maidin bhí an sid tugtha as. Annsin nuair a bhí a bhricfeasta ithte aige chuaidh sé amach go dtí an bhuaile bháin agus caitheadh sleag leis acht níor teangmhuig sí sin leis acht oiread. Agus trathnóna an lae sin ní raibh an bhó sa mbuaile agus bhí sé dhá toruighedacht agus ní bhfuair sé i go dtí ar maidin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Séamus