School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_012

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_012

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 05_012
  3. XML “Rudaí Neamhshaolta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí corach as an Oileán amuigh ag iasgach ar an taobh ó dheas timceall fiche bliadhain ó shoin. Bhiodar ceathair nó cúig mhílte amach o'n talamh agus i lár an lae chonnaic síad fear ina sheasamh san bhfairrge tamall uatha agus faoí cheann tamaill chuaidh sé faoí uisge arís. Bhí fear eile ag tarraingt fataí tamall ó shoin agus nuair bhí sé ag dul aníos le tráigh Leitrigh chonnaic sé corrach ag dul suas le h-ais an crága agus í déanam ar an slip agus nuair a bhí sí gar d'on slip ní faca sé chor ar bith í. Oidhche amháin san ngeimhread tamall ó shoin chuaidh fear síos ag an gcladach ag bailuighadh feamaine. Síos tráigh teach a chuaidh sé agus ní raibh sé acht an aon a chlog san oidhche agus thug sé an mada leis. D'ísligh sé síos san gcladach agus ní raibh aon fheamain ann. Tháinig sé aníos arís agus nuair a dárduigh sé as an gcladach chonnaic sé rud dubh istigh i mbuaile le na ais. Coinnigh sé air agus faoí cheann tamaill dairigh sé an torann i na dhiaidh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bairtle Ó Cualáin
    Gender
    Male
    Address
    Baile an Mhothair, Co. na Gaillimhe