School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 08_008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 08_008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 08_008
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí athair agus mac ann fadó agus bhíodh siad ag troid gach lá in-agaidh a chéile go minic. Lá amháin shocruigh an mac ar a athair a bháitheadh mar dubairt an t-athair leis an mac nach dtúibhradh sé a fheilm dhó go ndiolfhadh sé í. Sul ar fhéad an t-athair é sin a dhéanamh dubhairt an mac leis go ngabhfhadh siad amach ag iascach agus bhí an t-athair sásta mar síl sé gur maith leis an mac é sin. Chuadar amach acht sul ar fhág an mac an teach thug sé aráin leis i ngan fhios d'on athair. Nuair a bhíodar sgathamh maith amach thosuigh siad ag iasgach agus ní rabhadar ag fághail aon iasg agus chuadheadar amach sgathamh maith sa bhfairrge. Bhuail ocras an t-athair agus ní raibh sé indan aon iomrádh a dheanamh. Bhí ocras chomh mór sin air go raibh sé go dona agus ní thuibarfadh an mac aon phiosa do'n arán dhó agus fuair sé bás leis an ocras agus chaith an mach amach sa bhfairrge é. Tháinig an mac i dtír agus bhí sé sásta. Chuaidh an mach abhaile agus bhí sé ag ithe an cháca suas roimhe go sroic sé an teach. Cúpla lá tar éis an t-athair a beith básuighthe bhíodh sé ag teacht gach oidhche sa teach agus d'imthigheadh sé arís ar a dhó dhéag a clog. Bhíodh faitchíos ar an mac agus sé go ndeanfádh sé teach dó féin agus go mbféidir nach mbeadh sé ag teacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Meachair
    Gender
    Male
    Address
    Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Bartle Ó Meachair
    Gender
    Male