School: Leacaigh (Leacach)

Location:
Lackagh Beg, Co. Galway
Teacher:
Seosamh Ó hÁinlíghe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 350

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 350

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leacaigh (Leacach)
  2. XML Page 350
  3. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósaidhthe
    Roimh pósadh do dhuine déantar an cleamhnas. Tagann an fear go teach na mná oidhche éigint agus íarann sé ar an mbean an bpósfadh sí é má dhéireann sí go bpósfadh socruightear ar lá éigín chun dul go Gaillimh agus an lá sin faigheann an fear an spré cúpla céad púnt bféidir.
    Uaireannta cuirtear sa margad é bulláin nó trosgáin a thabhairt do'n bhfhear freisin.
    Nuair a bhíonn an lanamhán mí pósta tagann chuile duine dá cháirdibh ar cúairt chuca agus tugann gac ceann díbh féirín chuca.
    Fadó bhíodh an-spóirt aca ag na bainisí bhíodh rása mór tar-éis an pósadh mar capaill agus cáranna a bhíodh acú in ionad gluaisteán. Tá a lán pisreógaí ag baint leis an bpósadh. Deirtear gur ceart sean bhróg a bheith ceangailte taobh thiar de'n gluaisteán le h-aghaidh an ádha agus nach cheart dul thar an t-aon reilic dhá úair.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Mairéad Ní Sheachnasaigh
    Gender
    Female
    Address
    Cahernashilleeny, Co. Galway
    Informant
    Tómas Ó Sheachnasaigh
    Gender
    Male
    Age
    42
    Address
    Cahernashilleeny, Co. Galway