Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Bean na dTriúr Iníon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean fadó ann agus bhí triúr inghean aici, agus dubhairt an inghean ba shine go ngabhfadh sí ar lorg oibre. "Tá go maith" arsan mháthair.
    Rinne an mháthair cáca annsin, agus d'fhiafruigh sí de'n ingin cé aca a b'fhearr léithe leath an cháca agus a beannacht nó an cáca uilig agus a malacht.
    "Tabhair dhom an cáca uilig, agus ná bac le do bheannacht," arsa'n cailín. D'imthigh sí léithe annsin agus níor stad an mháthair acht ag cur a mallacht i n-a diaidh.
    D'ith sí an cáca annsin agus céard a casadh léithe acht bothán beag nach raibh ann acht sean-chailleach.
    Bhuail sí ar an doras.
    "Cé atá annsin," arsa'n chailleach.
    "Cailín aimsire," arsa'n cailín.
    "Gabh amach" arsa'n chailleach agus tabhair isteach lán an t-séaláin d'uisge. Chúaidh an cailín amach agus ní túisge a bhí an séalán tugaidhthe aníos as an tobar, ná bhí an t-uisge imthighthe as arís.
    Chuaidh sí isteach agus rug an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0431: The House in the Wood
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Rathallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    9
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nuala Níc Bhreathnaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    56