Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "Is gearr a bhíos an léan ag teacht.
    Bhí fear ann tá tamall bliadhanta ó shoin. Páid Ó Chonchubhar, do bh'ainm dó. Phós sé bean gheanamhail bhí mac aca Micilín, a thugaidís air.
    Nuair a bhí Micilín ceithre bliadhanta fuair a mháthair bás.
    Phós Páid arís. Bhí mac eile aca dá'r bh'ainm Seán.
    Chonnaic Micilín bocht an dá shaoghal. Ní raibh sé ag fághail ceart, ná cóir, ó'n leas-mháthair.
    Gráinín mine choirce a thugadh sí dhó ar lic, mar shuipéar.
    "Giolla na méire," a bhí mar leas-ainm ag an leas-mháthair air Micilín.
    Gach oidhche deireadh sí, "Éirigh a ghiolla na méire," agus cuir na géabha isteach." An oidhche éigin seo, tháinig Micilín isteach trom, tuirseach, agus dubhairt "Faríor géar, gan mo chosaibh, nighthe, mo leicín lidhthe, agus mé i mo luighe." Bhí an t-athair ag éisteacht leis, agus d'fhiafhruigh sé dhe, cé'n fáth a bhí aige leis sin. "Mar is min choirce fhághaim ar mo shuipéar gach oidhche." Ní bheidh sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Rathallaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    9
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nuala Ní Bhreathnuighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    59