Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn fáinne thart thimcheall na gréine nuair a bhíonn fearthainn ag teacht. Nuair a bhíonn las gorm ins an teine bhéidh droch aimsear againn. Má bhéadh an ghaoth adtuaidh bhéadh sneachta againn. Nuaira bhíonn an cat in aice na teine ar feadh an lae bíonn fearthainn ag teacht. Nuair a bhíonn an deatach ag tuitim ar an teallach bheidh fearthainn againn. Má bheidh ceó againn ins an oidhche agus ceó againn an maidin in-a-dhiadh sin bheidh fearthainn againn.Má an ghaoth aniar bíonn fearthainn ag teacht. Má bhíonn snáth ar an féar san tráthnóna bíonn sneachta againn an oidhche sin. Má théigheann an ghrian síos san tráthnóna agus dath dearg air bhéidh aimsear bhréagh againn. Má fheiceann aon duine na géanna fiadháine ag dul go dtí an taobh theas bíonn sneachta san taobh thuaidh. má bhíonn an mada ag ithe féir bíonn droch aimsear ag teacht. Má sgríobann an cat an tábla béidh stoirm againn. Má bhíonn an spéar gan scamall san ló bíonn aimsear bhréagh ag teacht.Má bhíonn an gaoth andheas nó aniar-andheas beireann an ghaoth sin báisteacht léithe. Má bhíonn a lán sgamall san spéar san oidhche agus má bhíonn an gaoth adtuaidh bíonn sneachta ag teacht. Má fheiceann aon duine na beatha go luath san(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máiréad Ní Bhrádaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc Fhéilim, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Cheannaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe