Scoil: Árd Aoibhinn

Suíomh:
An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Dll. De Grás
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0018, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Aoibhinn
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chómhnuidhe i nGlún ins an mbliadhain 1900. Seán Ó Murchadha an t-ainm do bhí air. Fear beag do b'eadh é.
    Ní raibh aon duine in a chómhnuidhe ins an teach leis, acht é féin. Bhí mada mór aige, agus dath dubh do bhí air, "Pontó" an t-ainm do bhí air freisin. Bhí grádh mór aige air.
    Ar an séamhadh lá D'Eanair 1922 fuair an madra bás, agus chaith an fear trí lá ag gol in a dhiaidh. Annsin bhain sé an chroicheann de'n mhada, agus dhein sé cóta as i gcóir é féin.
    Ar an séamhadh lá D'Fheabhra 1922 chuaidh an fear amach ins an bpáirc ag obair. Nuair a chuaidh sé amach ins an bpáirc bhain sé a chóta dhe, agus d'fhág sé í ar an dtalamh in-aice leis é.
    Tar-éis tamaill rith girrfhiadh treasna na páirce agus rith an cóta ina dhiaidh. Deirtear dá mbeadh an cóta ag rith ón lá sin go dtí an lá indiu, ní bheadh sé indon an girrfhiadh a fhágháil.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ghéibheannaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Con Thiar, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Ghéibheannaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Con Thiar, Co. na Gaillimhe