Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 139
- XML “Aiste - Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gléas tighe chun bheith buan, bean chruaidh is fear gan tart, cupán beag is gan é lán, is a leigean(n) ar chlár i bhfad.
Má's fíor do na sean-daoine bhí fear dárbh ainm Dónal Ó Choibheannaigh agus bhí bean aige. Bhiodh Dónal ar meisge agus a bhean ag ól uisge.
I dteach dhuine eile agus bheith ag ól, bhainfeadh sé an t-sail mhór dá bhéim, áit ní bhainfeadh sé an c(h)roiceann de'n chat agus é bheith ar ghádh ina theach féin. Deireann na sean-daoine nuair a bhíonn an t-ól istigh bíonn an chiall amuigh.
Dhá lá soineann is saoire, dhá lá gaoth agus fearthainn, dhá lá sioc agus sneachta. Mar sin do b'fhearr liom an t-seachtmhain. Dubhairt fear é sin agus é amuigh i bpáirc ag déanamh coca féir, nuair do bhí an fhearthainn ag teacht. Is luachmhar é an t-anam, mar dubhairt an táilliúr agus é ag rith ó'n ngandal. Is fearr cara sa gcúirt ná airgead in do sparán. Bhí fear saidhbhir ann fadó agus rinne sé droch-rud.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhómhnalláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Corr
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Páirc an Locha, Co. na Gaillimhe