Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 02_014
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- bhfairrge agus do bhí ocras orra. Do bhí stoirm mhór ann nuair a tháinig siad idtír.
Dara Ó Conghaile31adh Márta 1938
Laetheannta Airithe
Tá na nósanna seo ag na daoine ins an Oileán seo: nach ceart tosnú ar aon obair ná ar aon nua Dia Luain. Níl sé ceart gruaig a baint amach Dia Luain agus bíonn daoine ann nach maith leo gruaig a bhaint amach Dia h-Aoine. Dheireann daoine nach bhfuil sé ceart a beith ag iasgach Dia Luain acht mar sin féin bíonn daoine ann a bhíonn ag iasgach Dia Luain agus deirtear nach maith an rud é. Bíonn daoine ann agus ní maith leo a bheith ag cur fataí ná ag leasú na bhfataí acht an oiread Dia Luain. Deireann daoine go bhfuil an Aoine in-agaidh na seachtmhaine. Bíonn daoine ann nach bpósfadh Dia h-Aoine ná Diardaoin, ná Dia Máirt, ná Dia(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dara Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann